Fógra Maidir le Breithniú a Dhéanamh ar
Scéim chun Rátaí a Tharscaoileadh
Déanann Alt 15 den Acht um Rátaí Rialtais Áitiúil agus Nithe Eile, 2019 foráil shonrach go bhféadfadh comhaltaí tofa údaráis áitiúil scéim a dhéanamh lena bhforáiltear do tharscaoileadh rátaí, agus go ndéanfar scéim den sórt sin a cheadú ag cruinniú údaráis áitiúil.
Breithneoidh Comhairle Contae Chill Dara scéim lena bhforáiltear do tharscaoileadh rátaí, a bheidh i bhfeidhm sa bhliain airgeadais áitiúil 2027, is é sin scéim um tharscaoileadh dreasachta tráchtála a fhorálann do tharscaoileadh trí bliana ar chéatadán de rátaí tráchtála fiontraithe/gnólachtaí incháilithe a áitíonn réadmhaoin a bhí folamh ar feadh ar a laghad tréimhse dhá bhliain díreach roimhe sin.
Fáiltíonn Comhairle Contae Chill Dara roimh aighneachtaí i scríbhinn ón bpobal ar an ábhar seo, go háirithe maidir le héifeachtaí a d’fhéadfadh a bheith ag scéim lena ndéantar foráil do rátaí ar ghnólachtaí, ar dhaoine aonair agus ar sheirbhísí údaráis áitiúil a tharscaoileadh.
Ní mór aighneachtaí a bheith faighte faoi 12:00 p.m. (meán lae) Déardaoin, an 13 Lúnasa 2026 agus iad a dhéanamh:
1) trí shuirbhé ar líne a chomhlánú ag https://consult.kildarecoco.ie nó
2) tríd an phost chuig an Oifigeach Riaracháin, Foireann na Rátaí Tráchtála, An Rannóg Airgeadais, Comhairle Contae Chill Dara, Áras Chill Dara, An Nás, Contae Chill Dara, W91X77F nó
3) trí ríomhphost a sheoladh chuig rates@kildarecoco.ie.
Sínithe: Sonya Kavanagh, Príomhfheidhmeannach
Dé Máirt, an 28 Iúil 2026.











