Foilsiú na Dréacht-Léarscáile Bliantúla i dtaca leis an gCáin ar Thalamh Chriosaithe Chónaithe don bhliain 2027 agus deis chun iarrachtaí ar athchriosú a dhéanamh ar an Léarscáil Deiridh don bhliain 2026.
Dréacht-Léarscáil Bhliantúil do Chomhairliúchán na Bliana 2027
Tá dréachtléarscáil bhliantúil, arna hullmhú de réir Alt 653C, agus arna modhnú le hAlt 653M den Acht Comhdhlúite Cánacha 1997, foilsithe ar shuíomh gréasáin Chomhairle Contae Chill Dara agus ar fáil lena hiniúchadh in oifigí na Comhairle.
Ullmhaíodh an dréacht-léarscáil bhliantúil don bhliain 2027 d’fhonn talamh a shásaíonn na critéir ábhartha a shainaithint agus beidh an talamh sin faoi réir na cánach ar thalamh chriosaithe chónaithe.
Ní bheidh sealúchais chónaithe, in ainneoin go bhféadfaí iad a áireamh ar an dréacht-léarscáil bhliantúil, inmhuirearaithe don cháin ar thalamh chriosaithe chónaithe.
Tagraíonn talamh a shásaíonn na critéir ábhartha do thalamh;
(a) atá san áireamh i bplean forbartha, de réir alt 10(2)(a) d’Acht, 2000 nó alt 43(6) d'Acht 2024, nó atá i bplean ceantair áitiúil, de réir alt 19(2)(a) d’Acht, 2000, agus atá criosaithe
(i) chun críocha úsáide cónaithe amháin nó go príomha, nó
(ii) do mheascán úsáidí, lena n-áirítear úsáid chónaithe,
(b) a bhfuil sé réasúnach a mheas ina leith go bhféadfadh rochtain a bheith idir an talamh agus, nó go bhfuil baint aige le, bonneagar agus áiseanna poiblí, lena n-áirítear bóithre agus cosáin, soilsiú poiblí, draenáil shéarach bréan, draenáil uisce dromchla agus soláthar uisce, atá riachtanach chun áiteanna cónaithe a fhorbairt agus a bhfuil acmhainn seirbhíse dhóthanach ar fáil d’fhorbairt den sórt sin, agus
(c) a bhfuil sé réasúnta a bhreithniú in leith nach bhfuil drochthionchar air, i dtéarmaí bail fhisiciúil an talaimh, a bheadh chomh suntasach sin agus go gcuirfí, mar gheall ar nithe, cosc ar sholáthar áitreabh, lena n-áirítear truailliú nó iarsmaí seandálaíochta nó stairiúla aitheanta a bheith ann,
ach nach talamh é—
(i) lena ndéantar tagairt dó i mír (a)(i) agus, ag féachaint d’fhorbairt amháin (de réir bhrí Acht, 2000 nó, ar thosach feidhme Chuid 4 d’Acht 2024 agus uaidh síos, de réir bhrí Acht 2024) nach forbairt nár údaraíodh í (de réir bhrí Acht, 2000 nó, ar thosach feidhme Chuid 4 d’Acht 2024 agus uaidh síos, de réir bhrí Acht 2024), atá in úsáid mar áitribh, ina bhfuil trádáil nó gairm á seoladh, atá faoi dhliteanas rátaí tráchtála, a bhfuil sé réasúnach a mheas go bhfuiltear á úsáid chun seirbhísí a sholáthar do chónaitheoirí ceantar cónaithe atá ina aice leis an talamh,
(ii) lena ndéantar tagairt dó i mír (a)(ii), mura bhfuil sé réasúnach a mheas go bhfuil an talamh neamhshealbhaithe nó díomhaoin,
(iia) nach mbeadh a fhorbairt i gcomhréir le—
(I) i gcás ina bhfuil an talamh criosaithe i bplean forbartha faoi Acht 2000, an bonn céimnithe a ndéanfar forbairt ar thalamh faoin bplean i gcomhréir leis, mar a shonraítear sa phríomhstraitéis atá sa phlean sin de réir alt 10(2A)(d) d'Acht 2000, nó
(II) i gcás ina bhfuil an talamh criosaithe i bplean ceantair áitiúil, an cuspóir, i gcomhréir le cuspóirí agus le príomhstraitéis an phlean forbartha don cheantar a n-ullmhaítear an plean ceantair áitiúil ina leith, chun talamh a fhorbairt ar bhonn céimnithe, atá san áireamh sa phlean ceantair áitiúil de réir alt 19(2) d'Acht 2000, nó
(III) i gcás ina bhfuil an talamh criosaithe i bplean forbartha faoi Acht 2024, an t-ord tosaíochta nó an céimniú (i gcás ina bhfuil an t-ord tosaíochta nó an céimniú sin bunaithe ar uainiú sholáthar aon bhonneagair agus saoráidí poiblí, dá dtagraítear i mír (b)), más ann, le haghaidh forbartha a léirítear sa phlean forbartha nó i bplean limistéir uirbigh, i bplean limistéir tosaíochta nó i bplean limistéir comhordaithe (i ngach cás de réir bhrí Acht 2024) le haghaidh limistéar ina bhfuil an talamh suite.
ar an dáta ar a bhfuil comhlíonadh na gcritéar san alt seo á measúnú,
(iii) faoina bhfuil sé réasúnach a mheas go bhfuil sé ag teastáil don áitiú, nó go bhfuil sé ina chuid dhílis d'áitiú ag—
(I) bonneagar agus saoráidí sóisialta, pobail nó rialtais, lena n-áirítear bonneagar agus saoráidí a úsáidtear chun críocha riaracháin phoiblí nó chun oideachas nó cúram sláinte a sholáthar,
(II) saoráidí agus bonneagar iompair,
(III) bonneagar agus saoráidí fuinnimh,
(IV) bonneagar agus saoráidí teileachumarsáide,
(V) bonneagar agus saoráidí uisce agus fuíolluisce,
(VI) bainistíocht dramhaíola agus bonneagar diúscartha, nó
(VII) bonneagar fóillíochta, lena n-áirítear saoráidí spóirt agus clóis súgartha,
(iv) atá faoi réir ainmniú reachtúil a d'fhéadfadh bac a chur ar fhorbairt, nó
(v) ar a bhfuil tobhach na suíomhanna tréigthe iníoctha de réir an Achta um Láithreáin Thréigthe 1990.
Féadfar aighneachtaí ar an dréacht-léarscáil bhliantúil a dhéanamh i scríbhinn chuig Comhairle Contae Chill Dara tráth nach déanaí ná Dé Céadaoin, 1 Aibreán 2026, maidir le—
(I) láithreáin shonracha a chur san áireamh nó a thógáil as an áireamh ón léarscáil deiridh, nó
(II) an dáta a shásaigh láithreán na critéir iomchuí den chéad uair.
Ba cheart go n-áireofaí in aighneachtaí ainm agus seoladh, cúiseanna le tailte a áireamh nó a eisiamh, mar aon le léarscáil ar scála 1:1,000 (ceantar uirbeach) nó 1: 2,500 (ceantar tuaithe) nuair atá aighneacht á déanamh ag úinéir talaimh, lena sainaithnítear go soiléir ceantar an talaimh is ábhar don aighneacht.
Aon aighneachtaí i scríbhinn den sórt sin a gheofar faoi Dé Céadaoin, 1 Aibreán 2026, seachas na codanna sin d’aighneacht a d’fhéadfadh a bheith ina sonraí pearsanta, foilseofar iad ar an suíomh gréasáin, arna chothabháil ag Comhairle Contae Chill Dara, tráth nach déanaí ná Dé Sathairn, 11 Aibreán 2026.
Tá na cuimsithe molta agus na heisiaimh mholta ar an dréacht-léarscáil bhliantúil faoi réir aighneachtaí a fhaightear. Ba cheart d’aon úinéirí talún a thacaíonn le heisiamh a gcuid talún aighneacht a dhéanamh mar thaca leis an eisiamh sin.
Cáin Talún Criosaithe Cónaithe - Comhairliúchán um Iarratas ar Chriosú
I gcás ina sainaithnítear talamh ar an léarscáil deiridh don bhliain 2026, arna foilsiú ar Dé Sathairn, 31 Eanáir 2026, mar thalamh faoi réir na cánach ar thalamh chriosaithe chónaithe, féadfaidh duine, i leith talamh thuasluaite ar leis an duine sin é, aighneacht a dhéanamh chuig Comhairle Contae Chill Dara, ó Dé Domhnaigh, 1 Feabhra 2026 go Dé Céadaoin, 1 Aibreán 2026, ina n-iarrann sé/sí go n-athrófar criosú na talún sin. Ba cheart go n-áireofaí le haon aighneacht den sórt sin fianaise ar úinéireacht, cúiseanna mionsonraithe le haon iarraidh ar athchriosú, lena bhféadfaí leanúint de ghníomhaíocht eacnamaíoch leanúnach a áireamh, chomh maith le léarscáil ar scála 1:1,000 (uirbeach) nó 1:2,500 (tuaithe) ar a sainaithnítear an píosa talún ábhartha go soiléir.
Aon iarrataí ar athchriosú i scríbhinn den sórt sin a gheofar faoi Dé Céadaoin, 1 Aibreán 2026 seachas na codanna sin d’aighneacht a d’fhéadfadh a bheith ina sonraí pearsanta, foilseofar iad ar an suíomh gréasáin arna chothabháil ag Comhairle Contae Chill Dara laistigh den tréimhse reachtúil ábhartha. Eiseofar litir admhála um iarraidh ar athchriosú ina mbeidh mionsonraí faoi stair phleanála na talún le déanaí ó Chomhairle Contae Chill Dara chuig an úinéir talún faoi Déardaoin, 30 Aibreán 2026. Is féidir an litir admhála a úsáid chun tacú le héileamh ar dhíolúine ón gcáin a eascraíonn i leith na talún atá ina hábhar don iarraidh don bhliain 2026. Ní mór an t-éileamh sin a dhéanamh i dtuairisceán bliantúil na cánach ar thalamh chriosaithe chónaithe don bhliain 2026, nach mór a dhéanamh chuig na Coimisinéirí Ioncaim ar nó roimh Dé Sathairn, 23 Bealtaine 2026. Féach le do thoil ar www.revenue.ie chun mionsonraí a fháil.
Déanfaidh Comhairle Contae Chill Dara gach iarraidh ar athchriosú a mheas ag féachaint do phleanáil chuí agus d’fhorbairt inbhuanaithe an cheantair.
Tabhair faoi deara, le do thoil, go bhfuil dhá chomhairliúchán ann.
- “Cáin Talún Criosaithe Cónaithe - Dréachtléarscáil Bhliantúil do Chomhairliúchán 2027” - Dáta deiridh Dé Céadaoin, 1 Aibreán 2026.
- “Cáin Talún Criosaithe Cónaithe - Comhairliúchán Iarratas Criosaithe” - Dáta deiridh Dé Céadaoin, 1 Aibreán 2026.
- Is féidir aighneachtaí nó breathnuithe don dá chomhairliúchán a dhéanamh ar líne ag http://consult.kildare.ie/
Nó
- I scríbhinn chuig an Oifigeach Feidhmiúcháin Sinsearach, An Rannóg Pleanála, Comhairle Contae Chill Dara, Áras Chill Dara, Páirc Devoy, An Nás, Co. Chill Dara
Sínithe
Alan Dunney
Stiúrthóir Seirbhísí










.jpg)
