Scéim Infheistíochta don Oidhreacht Thógtha (SIOT) agus Sruth um Fhoirgnimh Ceann Tuí 2027
Tá na scéimeanna deontais thuasluaite fógartha ag an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta do 2027.
Is í aidhm na scéimeanna ná cúnamh airgeadais a thabhairt d’úinéirí na struchtúr faoi chosaint agus na bhfoirgneamh tuí chun oibreacha caomhnaithe cuí agus riachtanacha a dhéanamh ar a réadmhaoine stairiúil cháilitheach, ag baint úsáid as na cleachtais agus na prionsabail chaomhnaithe is fearr.
Tá foirmeacha iarratais, critéir cháilitheachta agus sonraí iomlána ar fáil ónár suíomh gréasáin: https://www.kildare.ie/countycouncil/AllServices/Conservation/Grants/ nó trí ríomhphost a sheoladh chuig conservation@kildarecoco.ie
Is é Dé hAoine, 30 Deireadh Fómhair 2026 ag 4:00 p.m. an dáta deiridh d’iarratais. Iarratais; seol ríomhphost chuig conservation@kildarecoco.ie nó sa phost chuig An Rannóg Caomhantais, An Roinn Pleanála, Comhairle Contae Chill Dara, Áras Chill Dara, Páirc Devoy, An Nás, Co. Chill Dara.











