Tosú iniúchta á fhógairt
Tugtar fógra leis seo go dtosóidh an tUasal Eamonn Daly, Iniúchóir Rialtais Áitiúil, ar an Aoine 24 Iúil 2026, iniúchadh ar chuntais na heagraíochta rialtais áitiúil thuasluaite don bhliain airgeadais dar chríoch 31 Nollaig 2025.
De réir rialachán 17 de Rialacháin an Rialtais Áitiúil (Nósanna Imeachta Airgeadais agus Iniúchta) 2014, cuirfidh an tIniúchóir Rialtais Áitiúil san áireamh, le linn an iniúchta, agóidí maidir le haon ábhar nó ábhair atá sna cuntais éagsúla úd.
Ba cheart fógra i scríbhinn maidir le haon agóid mholta, ina leagfar amach na sonraí agus an chúis ábhartha leis an agóid a dhéanfar, a sheoladh chuig an Iniúchóir Rialtais Áitiúil thuasainmnithe, Comhairle Contae Chill Dara, Áras Chill Dara, Bóthar Dhroichead Nua, An Nás, Co. Chill Dara, laistigh de dheich lá ó thús an iniúchta.
Beidh an ráiteas airgeadais bliantúil ar fáil do chách lena scrúdú le linn uaireanta oifige ar feadh tréimhse seacht lá roimh thosach an iniúchta.
Arna dhátú an 22 Meitheamh 2026.
Sonya Kavanagh Uasal,
Príomhfheidhmeannach.











