Fógra Maidir le Breithniú a Dhéanamh ar
Scéim chun Rátaí ar Réadmhaoine Folmha a Laghdú
Déanann Alt 9 den Acht um Rátaí Rialtais Áitiúil agus Nithe Eile, 2019 foráil shonrach go bhféadfadh comhaltaí tofa údaráis áitiúil scéim a dhéanamh lena bhforáiltear do laghdú rátaí i leith réadmhaoine folmha, agus go ndéanfar scéim den sórt sin a cheadú ag an gcruinniú buiséid údarás áitiúil, i dtaca leis an mbliain airgeadais áitiúil ina gcuirfear an scéim i bhfeidhm.
Breithneoidh Comhairle Contae Chill Dara (CCCD) scéim a fhorálann do laghdú rátaí i leith réadmhaoine folmha, a mbeidh feidhm aici sa bhliain airgeadais 2027.
Fáiltíonn Comhairle Contae Chill Dara roimh aighneachtaí scríofa ón bpobal ar an ábhar seo a chlúdóidh go sonrach na héifeachtaí a d’fhéadfadh a bheith ag an scéim a fhorálann do laghdú rátaí i leith réadmhaoine folmha ar ghnólachtaí, ar dhaoine aonair agus ar sheirbhísí údaráis áitiúil.
Ní mór aighneachtaí a bheith faighte faoi 12:00 p.m. (meán lae), Déardaoin, an 13 Lúnasa 2026 agus iad a dhéanamh:
1) trí shuirbhé ar líne a chomhlánú ag https://consult.kildarecoco.ie nó
2) tríd an bpost chuig an Oifigeach Riaracháin, Foireann na Rátaí Tráchtála, An Rannóg Airgeadais, Comhairle Contae Chill Dara, Áras Chill Dara, An Nás, Contae Chill Dara, W91X77F nó
3) trí ríomhphost chuig rates@kildarecoco.ie
Sínithe: Sonya Kavanagh, Príomhfheidhmeannach
Dé Máirt, an 28 Iúil 2026.











