Seolann Comhairle Contae Chill Dara Plean Oidhreachta Chill Dara, 2026-2031
Sheol Comhairle Contae Chill Dara Plean Oidhreachta Chill Dara, 2026-2031, straitéis chuimsitheach chun oidhreacht thógtha, nádúrtha agus chultúrtha Chontae Chill Dara a chaomhnú, a chur chun cinn agus a cheiliúradh as seo go ceann cúig bliana.
Rinneadh an plean a fhorbairt i ndiaidh próiseas forleathan comhairliúcháin ina raibh rannpháirtíocht phobail ag céimeanna dréachta agus réamhdhréachta araon. Tá ionadaithe ar Fhóram Oidhreachta Chontae Chill Dara as grúpaí pobail in earnálacha seandálaíochta agus oidhreachta tógtha, grúpaí oidhreachta áitiúla, gníomhaireachtaí leathstáit, comhaltaí tofa agus foireann na comhairle, agus rinne siad athbhreithniú ar gach aighneacht a fuair siad. Chabhraigh na haighneachtaí sin le múnlú chuspóirí straitéiseacha agus ghníomhaíochtaí sonracha an Phlean. Admhaítear sa Phlean go bhfuil idir chosaint agus chur chun cinn de dhíth ar an oidhreacht. Leagtar amach cúig chuspóir straitéiseacha i bPlean Oidhreachta Chontae Chill Dara, 2026-2031:
- Tuiscint ar oidhreacht Chontae Chill Dara a mhéadú trí fheasacht, oideachas agus oiliúint.
- Dea-chleachtas a chur chun cinn maidir le caomhnú agus bainistíocht acmhainní oidhreachta Chontae Chill Dara.
- Eolas a bhailiú agus a roinnt faoi oidhreacht Chontae Chill Dara agus suirbhéanna agus taighde a dhéanamh agus a chur ar fáil chun bonn eolais a chur faoi pholasaithe.
- An oidhreacht a chur chun cinn mar acmhainn a chuireann le caighdeán na beatha agus le forbairt chultúrtha agus gheilleagrach an chontae.
- Maoirseacht agus rannpháirtíocht ón bpobal i gcoitinne in oidhreacht Chill Dara a chothú.
Dúirt an Comhairleoir Ivan Keatley, Cathaoirleach an Choiste um Beartais Straitéiseacha maidir le Pleanáil, Fiontar agus Forbairt Eacnamaíochta, Comhairle Contae Chill Dara: “Is nuashonrú é an Plean seo a bhfáiltítear roimhe ó thaobh pholasaí oidhreachta Chill Dara de, agus léiríonn sé ár ndúthracht maidir le stair, cultúr agus oidhreacht nádúrtha shaibhir an chontae a chosaint, a chur chun cinn, agus taighde a dhéanamh air. Ag tógáil ar an rath a bhí ar na pleananna roimhe seo, tacaítear leis an obair leanúnach i gcothú na hoidhreachta, an taighde agus rannpháirtíocht an phobail de. Is feiliúnach an rud é go seolfar an Plean le linn na Seachtaine Oidhreachta Náisiúnta, agus ba mhaith liom aitheantas a thabhairt do na grúpaí agus na daoine ar fad a gcabhraíonn a ndíograis lenár n-oidhreacht roinnte a chosaint. Tá muinín agam sa Phlean seo, go dtreoróidh sé agus go gcabhróidh sé lena gcuid iarrachtaí sna blianta atá romhainn.”
Dúirt Patricia Fallon, Oifigeach Idirchaidrimh an Údaráis Áitiúil, an Chomhairle Oidhreachta: “Tá lúcháir ar an gComhairle Oidhreachta a bheith páirteach i bhforbairt an Phlean nua Oidhreachta seo do Chill Dara. Ag obair le húdaráis áitiúla i ngach contae chun Pleananna Oidhreachta a fhorbairt a tharraingíonn ar eolas áitiúil agus a chuireann béim ar an oidhreacht ar leith atá ag gach contae, is deas an rud é a fheiceáil go bhfuil an tríú Plean i bhfeidhm i gCill Dara, agus gur baineadh amach go leor de na gníomhartha a moladh sna Pleananna roimhe seo. Is iontach an comhartha é an uaillmhian a léiríodh sa Phlean seo i dtaca leis an tsuim atá in oidhreacht Chill Dara, agus tá an Chomhairle Oidhreachta ag súil le bheith ag obair le Comhairle Contae Chill Dara agus na grúpaí oidhreachta ar fad sa chontae chun na haidhmeanna seo a bhaint amach as seo go ceann cúig bliana. Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le gach duine a raibh baint acu leis.”
Dúirt Dara Wyer, Oifigeach Oidhreachta, Comhairle Contae Chill Dara : “Ba shuimiúil an próiseas é a bheith ag forbairt an Phlean seo in éineacht le Fóram Oidhreachta Chontae Chill Dara agus ag leanúint ar aghaidh ón bpróiseas comhairliúcháin níos leithne leis an bpobal. Cuireann na cúig chuspóir straitéiseacha agus an 60 gníomh a sainaithníodh treochlár soiléir ar fáil le go n-aithneofar nuair atá tacaíocht de dhíth ar an oidhreacht, nó nuair is gá dúinn níos mó a fhiosrú faoi cheist oidhreachta nó nuair is gá dúinn í a chur chun cinn ar bhealach níos fearr. Beidh Foireann na hOidhreachta agus an Dúlra i gComhairle Contae Chill Dara ag obair go dlúth le muintir Chill Dara chun na gníomhartha seo a chur i bhfeidhm agus tá sceitimíní orainn baint a bheith againn leis an bpróiseas seo”.
Tá Plean Oidhreachta Chill Dara, 2026-2031 ar fáil anois ar shuíomh gréasáin Chomhairle Contae Chill Dara Heritage - Kildare County Council agus beidh cóipeanna ar fáil i ngach leabharlann.











