Athoscailt Leabharlann Dhroichead Nua ag Suíomh Sealadach Lóiste na Life fógartha ag Comhairle Contae Chill Dara
Tá áthas ar Sheirbhís Leabharlainne Chomhairle Contae Chill Dara a fhógairt go bhfuil Leabharlann Dhroichead Nua athoscailte ina suíomh sealadach i Lóiste na Life, Bóthar an Náis, Droichead Nua (W12 CP82).
De bharr an athlonnaithe shealadaigh seo tosófar obair ar an bhfoirgneamh nua leabharlainne ar a suíomh bunaidh, rud a chinnteoidh go mbeidh áiseanna feabhsaithe ar fáil don phobal sna blianta amach romhainn.
Tá foireann Leabharlann Dhroichead Nua ar bís fáilte ar ais a chur roimh gach ball den phobal go dtí an suíomh sealadach nua, lena n-áirítear grúpaí scoile, cuairteoirí rialta agus baill nua.
Tá an chuid is mó de na seirbhísí fós ar fáil sa suíomh sealadach, lena n-áirítear rochtain ar ríomhairí poiblí, priontáil agus fótachóipeáil, chomh maith lenár mbailiúcháin iasachta iomlána de leabhair, de DVDanna agus de chluichí.
Mar gheall ar mhéid níos lú an fhoirgnimh, níl aon spásanna staidéir tiomnaithe ann faoi láthair. Tá Seirbhís Leabharlainne Chill Dara tiomanta d’eispéireas leabharlainne fáilteach, inrochtana agus taitneamhach a chruthú do gach úsáideoir.
Uaireanta Oscailte:
- Dé Luain - 10.00rn- 5.00in
- Dé Máirt - 10.00rn- 5.00in
- Dé Céadaoin - 10.00rn- 5.00in
- Déardaoin - 10.00rn- 8.00in
- Dé hAoine - 10.00rn- 5.00in
- Dé Sathairn - 10.00rn- 5.00in
- Dé Domhnaigh – Dúnta










.jpg)