Foilsíonn Comhairle Contae Chill Dara Tuarascáil Bhliantúil 2025
30 Meitheamh 2026: D’fhoilsigh Comhairle Contae Chill Dara a Tuarascáil Bhliantúil don bhliain 2025 inniu, ina dtugtar forléargas ar an gclár oibre a thug an Chomhairle chun críche anuraidh. Leagtar béim sa tuarascáil seo ar thiomantas na Comhairle cáilíocht na beatha a fheabhsú do shaoránaigh Chill Dara trí chomhoibriú, nuálaíocht, ionchuimsiú agus rannpháirtíocht an phobail.
Gníomhú ar son na hAeráide
In 2025, rinne Comhairle Contae Chill Dara dul chun cinn suntasach i dtaca le haghaidh a thabhairt ar an athrú aeráide agus astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú. I measc na bpríomhthionscnamh bhí oscailt an ‘Teach Taispeána’, tús a chur leis an gConradh Feidhmíochta Fuinnimh (EPC) agus tionscadal ‘Glas go Gás’ a chur i gcrích. Ina theannta sin, i mí Dheireadh Fómhair 2025 fuair Comhairle Contae Chill Dara deimhniú um Chóras Bainistíochta Fuinnimh ISO 5000 dár riachtanais fuinnimh chorparáideacha.
Pobal
I rith na bliana seo caite, lean Rannóg Pobail Chomhairle Contae Chill Dara de bheith ag díriú ar thosaíochtaí an Phlean Áitiúil Eacnamaíoch agus Pobail (PÁEP) 2024-2029 a chur chun cinn, ag tacú le pobail ionchuimsitheacha agus ag cur ioncuimsiú sóisialta, sláinte agus folláine chun cinn ar fud an chontae.
Rinne an Chomhairle breis agus 20 ionad, teach agus cábán pobail a chothabháil agus rinne sí maoirseacht ar a n-úsáid do ghrúpaí pobail. Sháraigh an Clár um Ionchuimsiú Sóisialta agus Gníomhachtú Pobail (SICAP) na spriocanna, agus iad ag obair le 103 grúpa pobail agus 1,157 duine aonair. Cheadaigh an clár LEADER trí thionscadal ar fiú €433,139 iad. Ghlac níos mó ná 27,000 duine páirt in imeachtaí Chomhpháirtíocht Spóirt Chill Dara trí mheán clár éagsúil, agus chláraigh Líonra Rannpháirtíochta Pobail Chill Dara 863 bhall, rud a chuir le rannpháirtíocht an phobail leis an Údarás Áitiúil. Le linn 2025 a bunaíodh Comhpháirtíocht Sábháilteachta Pobail Áitiúil Chill Dara (CSPÁ), ina dtugtar le chéile An Garda Síochána, Comhairle Contae Chill Dara, Tusla, FSS agus ionadaithe ó earnálacha pobail, óige agus oideachais. Seoladh Tionscnamh Bochtaineachta Óige Chill Dara in 2025 freisin.
Tithíocht agus Athghiniúint
In 2025, chuir an Chomhairle aonaid tógála dhíreacha ar fáil i dTeachín Tuaithe Bhaile Osbeird, sna Solláin agus i bPáirc na Beairice Thiar, An Nás, arb í an Scéim Ceannaigh Inacmhainne is mó sa chontae go dtí seo í (66 theach nua inacmhainne i gcéim 1). Seachadadh aon aonad caighdeánach déag faoin gClár Cóiríochta don Lucht Siúil 2025-2029. Críochnaíodh an t-athchóiriú ar Chearnóg Emily i mBaile Átha Í in 2025 agus ainmníodh é ina dhiaidh sin do Ghradam Thionscadal Ríocht Phoiblí na Bliana ag Gradaim Bairr Feabhais Foirgníochta na hÉireann 2025. Ina theannta sin, cheannaigh Comhairle Contae Chill Dara Caisleán San Dáibhí sa Nás mar chuid de thionscadail athghiniúna don tréimhse romhainn.
Iompar, Soghluaisteacht agus Spásanna Oscailte
Cuireadh cóiriú dromchla agus athchóiriú bóithre i gcrích ar 101 ciliméadar de bhóithre áitiúla agus réigiúnacha in 2025. Baineadh amach an tarraingt anuas is airde riamh de luach €11.5M do mhaoiniú um Thaisteal Gníomhach an Údaráis Náisiúnta Iompair, a chuirfidh os cionn 35 scéim chun cinn. Ina theannta sin, rinneadh Glasbhealach na Canálach Ríoga ó Mhaigh Nuad go Léim an Bhradáin a oscailt go hoifigiúil agus lean an Chomhairle dá stoc flít a nuachóiriú trí 22 fheithicil leictreacha (EV) a cheannach.
An Comhshaol
Ghlac an Chomhairle Plean nua um Bainistíocht Bruscair (2026-2028), ina leagtar amach cuspóirí straitéiseacha atá le baint amach i gcomhpháirtíocht le gnólachtaí agus pobail áitiúla. Ghluais aistriú na Seirbhísí Uisce ó Chomhairle Contae Chill Dara go dtí Uisce Éireann go dtí an chéim dheiridh, agus tá sé beartaithe comhtháthú iomlán a bheith déanta faoi dheireadh 2026. Bhain grúpaí Bailte Slachtmhara Chontae Chill Dara torthaí den scoth i gComórtas Bailte Slachtmhara SuperValu 2025, agus ghnóthaigh siad aon Bhonn Óir déag agus Bonn Airgid amháin. Ainmníodh An Nás mar an Baile is Dea-choimeádta in Éirinn agus mar an tIonad Mór Uirbeach is Dea-choimeádta in 2025, agus d’éirigh leis an mbaile an teideal náisiúnta is fearr a bhaint amach sa dá chomórtas sin.
Seirbhísí Corparáideacha, Daoine agus Seirbhísí Cultúrtha
In 2025, thacaigh Seirbhísí Corparáideacha le 40 comhalta tofa, rinneadh 149 gcruinniú reachtúla a sheirbhísiú, agus craoladh 11 Chruinniú Iomlána den Chomhairle ar líne. Ócáid shuntasach toghcháin ab ea an Toghchán Uachtaránachta a reáchtáladh i mí Dheireadh Fómhair. Choinnigh foireann na Seirbhíse do Chustaiméirí ardfheidhmíocht agus freagraíodh 86% de na cásanna laistigh de spriocanna an Chomhaontaithe Leibhéal Seirbhíse. Rinne Seirbhísí Corparáideacha dul chun cinn maidir le clár suntasach um obair ardcháilíochta sonraí ar Chlár na dToghthóirí chun Clár Chill Dara a ullmhú don ascnamh (aistriú) chuig Voter.ie, an córas clárúcháin toghcháin comhroinnte náisiúnta, a sheolfar in 2026. Tá Comhairle Contae Chill Dara tiomanta do sheirbhísí poiblí ar ardchaighdeán a sholáthar i dteangacha oifigiúla uile an stáit agus aithníonn sí go measúil a dualgais agus a gealltanais reachtúla faoi Achtanna na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus 2021. Chuir an Chomhairle go mór le leabharlanna agus leis na healaíona freisin, lena n-áirítear ‘Ag Tógáil don Todhchaí – Plean Forbartha Sheirbhís Leabharlainne Chill Dara 2025-2029’ a seoladh i mí an Mheithimh 2025, plean 5 bliana ina leagtar amach clár oibre claochlaitheach do leabharlanna Chill Dara, agus iad á gcur chun cinn mar mhoil phobail ionchuimsitheacha, nuálacha agus inbhuanaithe.
Nuálaíocht
In 2025, léirigh Comhairle Contae Chill Dara dul chun cinn agus tiomantas suntasach maidir le seirbhísí poiblí a fheabhsú. Seoladh Tairseach Nuálaíochta nua chun mol lárnach a chur ar fáil le haghaidh acmhainní, uirlisí agus ábhair foghlama nuálaíochta, trína dtacaítear le rannpháirtíocht na foirne, le cumarsáid agus le rochtain ar thacaí um nuálaíocht.
Imeascadh
Lean Foireann um Imeascadh Údaráis Áitiúil Chill Dara le hobair iontach na foirne in 2025, ag reáchtáil 214 chlinic faisnéise, ag tacú le 1,619 duine agus ag réiteach 1,830 ceist. Trí Chlár na hÉireann um Dhídeanaithe a Chosaint, rinneadh 50 dídeanaí a athlonnú agus cuireadh tacaíochtaí lánpháirtíochta ar fáil dóibh.
Soláthar agus Bainistíocht Maoine
In 2025, tugadh an tionscnamh le Tailte Dhomhnach Comair a fháil chun críche, agus cuireadh socrú i bhfeidhm maidir le húinéireacht agus bainistiú Theach Dhomhnach Comair ag an OPW. D'fhorbair agus chuir Comhairle Contae Chill Dara Aip Bainistíochta Talún i bhfeidhm freisin, agus tá sé nasctha leis an gcóras um Chlár Faisnéise Maoine (PIR), a cheadaíonn iniúchadh fíor-ama ar thailte atá faoi úinéireacht Chomhairle Contae Chill Dara. Rinne Rannóg Soláthair na Comhairle maoirseacht ar fhorbairt chlár riosca conarthaí agus ar chóras PROCREF atá nasctha le córas bainistíochta airgeadais na Comhairle, Agresso. Leis an gcóras sin, ní cheadaítear ceannacháin a dhéanamh ach amháin i gcás ina bhfuil conarthaí i bhfeidhm agus, dá bhrí sin, déantar comhlíontacht um sholáthar a chinntiú. Anuas air sin, i dtreo dheireadh na bliana 2025, tugadh seachadadh na ‘Muilte Cadáis’ sa Nás chun críche, áit a bheidh mar shaoráid thiomnaithe stórála agus bainistíochta comhad.
Dúirt Sonya Kavanagh, Príomhfheidhmeannach, Comhairle Contae Chill Dara; “Bliain shuntasach maidir le seachadadh ar fud Chomhairle Contae Chill Dara ab ea 2025, agus rinneadh dul chun cinn i ndáil le tithíocht, gníomhú ar son na haeráide, forbairt pobail, iompar, comhshaol, nuálaíocht agus seirbhísí corparáideacha. Léirítear sa Tuarascáil Bhliantúil seo an réimse leathan oibre atá déanta ag ár gcomhaltaí tofa agus ag ár bhfoireann, ag obair i gcomhpháirtíocht le pobail, gníomhaireachtaí agus páirtithe leasmhara ar fud an chontae. Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt do thiomantas agus do ghairmiúlacht ár bhfoirne, agus leantar, trína gcuid oibre, de thacaíocht a thabhairt do sheirbhísí pobail ionchuimsitheacha, inbhuanaithe agus ardchaighdeáin do mhuintir Chill Dara.”
Ag labhairt di le linn laethanta deiridh a téarma mar Chathaoirleach Chontae Chill Dara, dúirt An Clr Carmel Kelly; “Is mór an onóir dom a bheith mar Chathaoirleach ar Chontae Chill Dara agus an tiomantas, an fuinneamh agus an uaillmhian ar fud ár bpobal a fheiceáil go ríshoiléir. Leagtar béim i dTuarascáil Bhliantúil 2025 ar an iliomad bealaí a n-oibríonn Comhairle Contae Chill Dara chun tacú le daoine, áiteanna agus pobail ar fud an chontae. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le mo chomhchomhaltaí tofa, le foireann na Comhairle, le grúpaí pobail agus le comhpháirtithe áitiúla as a gcuid oibre leanúnaí a fhágann gur contae bríomhar, ionchuimsitheach agus réamhbhreathnaitheach é Contae Chill Dara.”
Tá Tuarascáil Bhliantúil 2025 Chomhairle Contae Chill Dara ar fáil anseo - Publications - Kildare County Council











