Lá Ollmhaithiúnais do Thochtanna i gContae Chill Dara
01 Meán Fómhair 2026: Tá áthas ar Chomhairle Contae Chill Dara, i gcomhpháirtíocht le AES Recycling agus le tacaíocht ón gCiste um an nGeilleagar Ciorclach, Lá Ollmhaithiúnais Saor in Aisce do Thochtanna a fhógairt do theaghlaigh.
Dáta: Dé Domhnaigh, 06 Meán Fómhair 2026
Suíomh: AES Recycling, Cnoc Shilliot, Cill Chuilinn, Co. Chill Dara
Am: 8.30 r.n. go 3.00 i.n.
Tugtar cuireadh do chónaitheoirí tochtanna nach bhfuil ag teastáil uathu a thabhairt leo lena ndiúscairt saor in aisce le linn na hócáide aon lae seo. Soláthraíonn an t-ollmhaithiúnas seo bealach áisiúil agus neamhdhíobhálach don chomhshaol chun seanthochtanna tí a dhiúscairt.
Tabhair faoi deara:
- Is do thochtanna amháin atá an ócáid seo.
- Glacfar le tochtanna singile, dúbailte agus trí-cheathrú amháin.
- Uasmhéid 6 thocht in aghaidh an tseachadta.
- Ní ghlacfar le haon chineál eile dramhaíola ná le hearraí móra tí.
- Níl an ócáid oscailte d’eintitis tráchtála ná do charthanais agus tá sí teoranta do chustaiméirí tí.
- Ní ghlacfar le diváin, piliúir, frámaí leapa, stóil chos, toilg ná cathaoireacha uilleacha.
Bain leas as a deis seo chun seanthochtanna a dhiúscairt ar bhealach freagrach agus chun cabhrú le Contae Chill Dara a choinneáil glan agus saor ó bhruscar.
Chun tuilleadh eolais a fháil, téigh i dteagmháil leis an Roinn Comhshaoil, Comhairle Contae Chill Dara ar 045 980 588 nó trí ríomhphost chuig environ@kildarecoco.ie







.jpg)


