Léirithe Spéise d'Oíche Chultúir 2026 á lorg ag Comhairle Contae Chill Dara
10 Meitheamh 2026: Faoi láthair, tá Seirbhís Ealaíon Chomhairle Contae Chill Dara ag lorg Léirithe Spéise le haghaidh Oíche Chultúir na bliana seo ó ealaíontóirí, taibheoirí, eagraíochtaí nó grúpaí pobail atá lonnaithe i gContae Chill Dara. Beidh Oíche Chultúir na bliana seo ar siúl Dé hAoine 18 Meán Fómhair 2026.
Ba chóir go léireodh tograí d’Oíche Chultúir saibhreas cultúrtha Chill Dara agus éagsúlacht na bpobal uile a bhfuil cónaí orthu sa chontae. Cuirtear fáilte roimh thograí féideartha a cheiliúrann comhionannas, éagsúlacht, ionchuimsiú, roimh thionscnaimh a thugann deis rannpháirtíochta faoi leith do lucht féachana níos óige idir 18 agus 35 bliana d'aois, agus fáiltítear chomh maith roimh iarratais ó rannpháirtithe nua. Tá tacaíocht airgid suas le €300 ar fáil i dtreo na gcostas le haghaidh imeachtaí incháilithe.
Ócáid phoiblí náisiúnta bhliantúil is ea Oíche Chultúir, a shoilsíonn gach gné den chultúr, den chruthaitheacht agus de na healaíona. Trí mheán na hoíche úd, féachtar le meon a chur chun cinn go gníomhach - is é sin go bhfuil cultúr saibhir éagsúil na hÉireann beo beathach agus luachmhar agus go bhfuil sé á chothú inár saol laethúil. Tríd an gclár, léirítear meas ar, tacaítear le agus deimhnítear ionchuimsiú gach gutha, cultúir agus pobail in Éirinn na linne seo. Cuirtear an clár ar fáil ar fud na tíre i gcathracha, i mbailte, i sráidbhailte, in áiteanna faoin tuath agus ar líne i gcomhar le páirtithe mheáin Oíche Chultúir.
Chun a chinntiú go gcomhlíonann an imeacht atá beartaithe agatsa na critéir agus na cuspóirí atá riachtanach do rannpháirtíocht, le do thoil léigh na Téarmaí agus na Coinníollacha atá leagtha amach ar shuíomh gréasáin na hOíche Cultúir: https://culturenight.ie/get-involved/
Chun foirm Léirithe Spéise nó tuilleadh eolais a fháil faoi Oíche Chultúir déan teagmháil le culturenightkildare@gmail.com nó glaoigh ar 045 980358.
Déardaoin 2 Iúil 2026 ag 5 p.m. an spriocdháta chun léirithe spéise a chur isteach. Cuirfear na hiarratasóirí ar an eolas faoi na cinntí i lár mhí Iúil
An Chomhairle Ealaíon a thugann Oíche Chultúir ar fáil duit, i gcomhpháirtíocht le húdaráis áitiúla agus le heagraíochtaí cultúrtha ar fud oileán na hÉireann.











