Contae Beo le Cruthaitheacht: Lonraíonn Guthanna Óga agus Tallann Óg Chill Dara ag Cruinniú na nÓg 2026
.jpg)
2 Meitheamh 2026: Tá lúcháir ar Chomhairle Contae Chill Dara, i gcomhpháirtíocht le hÉire Ildánach Chill Dara, Cruinniú na nÓg a thabhairt chuig pobail ar fud an chontae arís eile. Beidh Cruinniú na nÓg ar siúl Dé Sathairn 6 Meitheamh 2026 agus ógánaigh Chontae Chill Dara i lár an aonaigh do lá náisiúnta saorchruthaitheachta na hÉireann mar a mbeidh guthanna agus tallann na n-óg ar taispeáint trí mheán clár leathan gníomhaíochtaí.
Beidh réimse leathan ceardlann, taibhithe agus eispéiris chruthaitheacha saor in aisce ar siúl ar fud bailte, sráidbhailte, leabharlanna agus ionaid chultúrtha an chontae do chlár na bliana seo.
Tugtar cuireadh do leanaí agus do dhaoine óga idir 0 agus 18 mbliana d'aois páirt a ghlacadh agus a gcruthaitheacht a fhiosrú trí réimse leathan gníomhaíochtaí lena n-áirítear an ceol, ealaín sráide, na meáin dhigiteacha, damhsa, scéalaíocht, scannánaíocht, amharclannaíocht agus ceardaíocht. Tá na deiseanna seo deartha ar mhaithe le samhlaíocht a spreagadh, muinín a chothú, agus rannpháirtíocht a mhealladh.
Tá Cruinniú na nÓg mar chuid de thiomantas Chlár Éire Ildánach d’fhonn a chinntiú gur féidir le gach leanbh agus duine óg in Éirinn a bpoitéinseal cruthaitheach a bhaint amach. I gCill Dara, trí mheán Chruinniú na nÓg, léirítear tiomantas láidir agus leanúnach don rannpháirtíocht, inrochtaineacht agus léiriú cruthaitheach na n-óg.
Ag labhairt di faoin ócáid, dúirt Cathaoirleach Chontae Chill Dara, an Comhairleoir Carmel Kelly: “Tá Comhairle Contae Chill Dara tiomanta do thacaíocht a thabhairt do dhaoine óga chun a gcruthaitheacht agus mothú muintearais a fhorbairt. Tugann Cruinniú na nÓg deis luachmhar do leanaí agus do dhaoine óga iad féin a chur in iúl, triail a bhaint as rud éigin nua, agus dul i ngleic leis na healaíona ar bhealaí inrochtana spreagúla.”
Dúirt Gillian Allen, Leabharlannaí an Chontae agus Comhordaitheoir Éire Ildánach: “Tá ríméad orainn clár dinimiciúil eile a chur i láthair i mbliana, arna mhúnlú ag daoine óga agus arna sheachadadh i gcomhar le healaíontóirí, leabharlanna, pobail agus eagraíochtaí ar fud an chontae. Tá rud éigin ann do chách, cuma má tá scuab péinteála á cur sa lámh agat den chéad uair nó má tá tú ag seinm os comhair lucht féachana.”
Déantar ceiliúradh na bliana seo a shaibhriú a thuilleadh le rannpháirtíocht Meryem Atasever, Ambasadóir Óige Ildánach Chill Dara agus ball de Chomhairle na nÓg Chill Dara, agus léiríonn a chuid oibre an tábhacht a bhaineann le daoine óga a chumhachtú chun a nguthanna cruthaitheacha féin a fhorbairt agus a roinnt. Dúirt Meryem: “Is staid intinne í an chruthaitheacht ar féidir leat dul inti agus í a fhorbairt. Baineann sí le saoirse, réiteach fadhbanna, agus tú féin a chur in iúl ar do bhealach féin. I mo chuid focal féin, ba mhaith liom cur síos a dhéanamh ar an gcruthaitheacht mar ‘dath’ a fhágann go bhfuil an saol níos suimiúla.”
Beidh lá mór imeachtaí do gach aoisghrúpa idir 0 agus 18 mbliana á óstáil i Leabharlann agus Ionad Cultúrtha an Náis, lena n-áirítear:
- An Ealaín Uirbeach
- Féile rac-cheoil bannaí óige le Music Generation
- Seisiún Ceoil le Comhaltas Chill Dara
- Scannáin don aos óg á dtaispeáint
- Eachtraí Céadfacha Lego
- Taibhithe Chór SING Ireland
- Scríbhneoireacht chruthaitheach agus tuilleadh nach iad.
Chun teacht ar liosta iomlán na n-imeachtaí a bheidh ar siúl ar fud an chontae, tabhair cuairt ar shuíomh gréasáin Chruinniú na nÓg: Cruinniú na nÓg
Tá gach imeacht saor in aisce, cé go bhféadfadh sé go mbeadh réamháirithint riachtanach do chuid acu.
Is tionscnamh de chuid Rialtas na hÉireann é Cruinniú na nÓg, arna mhaoiniú ag an Roinn Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt, ag an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta agus ag Comhairle Contae Chill Dara.








