Níos mó ná €52,000 bronnta faoi Scéim Sparánachtaí Oideachais Chomhairle Contae Chill Dara chun tacú le mic léinn áitiúla
Lena Scéim Sparánachtaí Oideachais, léirítear tiomantas leanúnach Chomhairle Contae Chill Dara le bheith ag tacú le deiseanna oideachais a chur ar fáil feadh an chontae, agus breis is €52,000 san iomlán bronnta ar 82 neach léinn i mbliana.
Comhairle Contae Chill Dara agus Cáin Mhaoine Áitiúil a thacaíonn leis an scéim seo, ar cuireadh 109 n-iarratas isteach lena haghaidh, rud a léiríonn go bhfuil gá leanúnach ann le cúnamh airgid a thabhairt chun cur ar chumas na neach léinn deiseanna breise oideachais a fháil. Tacaíonn an clár sparánachta le neacha léinn agus lena dteaghlaigh trí chuid de na brúnna airgeadais a bhaineann leis an ardoideachas a mhaolú.
Is ionann na sparánachtaí agus infheistíocht a dhéanamh sna daoine a mbronntar orthu iad agus sa phobal fré chéile. Trí bheith ag tacú le rochtain ar leibhéil oideachais níos airde, cuireann an scéim le deiseanna maidir le forbairt scileanna agus le deiseanna fostaíochta sa todhchaí, agus chomh maith leis sin déantar an fhorbairt phobail a neartú agus cuimsiú sóisialta a chur chun cinn.
Ag trácht di ar an Scéim Sparánachtaí úd, dúirt Marian Higgins, Stiúrthóir Seirbhísí, Comhairle Contae Chill Dara, an méid seo a leanas: “Tá ról tábhachtach ag an Scéim Sparánachtaí Oideachais maidir le tacú le rochtain ar oideachas agus deiseanna a chruthú do neacha léinn inár gcontae. Cúis áthais dúinn gur bronnadh maoiniú ar 82 neach léinn i mbliana agus guímid gach ratha orthu ar fad ar a dturas léinn.
Ba mhaith linn freisin ár mbuíochas ó chroí a chur in iúl don choiste measúnaithe seachtrach as a gcuid tiomantais, a gcuid ama, agus a gcuid oibre luachmhar le linn an phróisis mheasúnaithe a bhí an-dúshlánach ó tharla go raibh na hiarratais ar ardchaighdeán.”
Tá Comhairle Contae Chill Dara lántiomanta i gcónaí do chur chun cinn an oideachais, cur chun cinn an chuimsithe agus na forbartha pobail trí thionscnaimh a chuidíonn le daoine indibhidiúla an mianach atá iontu a bhaint amach.











