Fógraíonn Comhairle Contae Chill Dara go mbeidh an Phicnic sa Pháirc ar siúl arís in 2025
Bí linn do Lá Lán Spraoi um Ghníomhú ar son na hAeráide agus Ceiliúradh Pobail Dé Domhnaigh, 15 Meitheamh 2025 ó 2pm - 5pm
26 Bealtaine 2025: Bí réidh do lá lán le spraoi agus spleodar mar, is le teann bróid, a chuirfidh Oifig um Ghníomhú ar son na hAeráide Chomhairle Contae Chill Dara, i gcomhar le Comhairle Pobail Mhaigh Nuad, ‘Picnic sa Pháirc’ ar bun arís. Bí linn ag Harbour Field, Maigh Nuad Dé Domhnaigh, 15 Meitheamh ó 2pm go 5pm don imeacht saor in aisce seo do theaghlaigh. Ní dhéanfar dearmad ar an imeacht seo go ceann i bhfad - imeacht atá dírithe ar an téama ‘athrú aeráide agus inbhuanaitheacht’.
Beidh imeacht na bliana seo níos mó agus níos fearr ná mar a bhí riamh cheana agus beidh taibheoirí, ceardlanna agus seastáin eolais éagsúla ann, mar aon le díoltóirí bianna fíorbhlasta. Bainfidh na daoine óga taitneamh as gníomhaíochtaí cosúil le plandáil síolta, éiceaphriontáil, péinteáil aghaidhe, agus beidh siad ábalta a n-óstán feithidí féin a thógáil. Agus féadfaidh na daoine fásta taitneamh a bhaint as greann, filíocht, amhránaíocht, agus fiú caracatúir díobh féin a fháil má tá sibh sách cróga chuige sin!
Tabhairt cuairt ar ár seastáin eolais, áit a gcuirfear comhairle ort maidir le húsáid fuinnimh, múiríniú, taisteal gníomhach, bithéagsúlacht agus tionscadail/tionscnaimh nua sa cheantar. Ná caill amach ar na cluichí agus duaiseanna spreagúla a bheidh á gcur ar fáil ag Comhpháirtíocht Spóirt Chill Dara agus ná caill amach ar sheastáin na ngrúpaí pobail agus na gceardaithe áitiúla.
Tá ríméad orainn go mbeidh ‘Sorcas Aeráide an Uafáis’ ar ais arís i mbliana. Eispéireas idirghníomhach atá ann a dhear agus a reáchtálann taighdeoirí in Institiúid um Aonaid Anailíse agus Taighde Aeráide na hÉireann (ICARUS) in Ollscoil Mhá Nuad. Tá sé mar aidhm ag an áis mhealltach spraíúil seo oideachas a chur ar an lucht féachana ar bhealach a rachaidh i bhfeidhm orthu.
Buaicphointe na hócáide ná go mbronnfar Gradaim Seaimpíní Aeráide CD (DZ) de chuid Chomhairle Contae Chill Dara den chéad uair, a dhéanfaidh ceiliúradh ar na gníomhartha aeráide agus bithéagsúlachta atá curtha i gcrích ag pobail áitiúla, gnólachtaí, feirmeoirí agus scoileanna i Maigh Nuad.
I gcomhréir le treoirlínte na bhféilte inbhuanaithe, beidh stáisiún athlíonta uisce ar an láthair, mar sin, tabhair libh na buidéil in-athúsáidte. Beidh AccessoLoo ar an láthair freisin dóibh siúd a bhfuil riachtanais rochtana acu chomh maith le limistéar fanachta do mhadraí treorach/cúnaimh. Molaimid do gach duine an carr a fhágáil sa bhaile más féidir agus úsáid a bhaint as iompar poiblí nó teacht de shiúl na gcos nó ar rothar.
Imeacht saor in aisce is ea ‘Picnic sa Pháirc’, atá breacmhaoinithe le Cáin Mhaoine Áitiúil agus foinsí eile, agus is cinnte gur lá lán spraoi a bheidh ann don phobal ar fad, idir óg agus aosta.