Fógraíonn Seirbhís Leabharlainne Chomhairle Contae Chill Dara go mbeidh Réaltaí an tSamhraidh ag filleadh in 2025
Beidh Réaltaí an tSamhraidh á reáchtáil arís le grá sa léitheoireacht a spreagadh i measc páistí fud fad na hÉireann
11 Meitheamh 2025: Tá leabharlanna poiblí na hÉireann ag tabhairt cuireadh do leanaí de gach aois arís i mbliana le tumadh isteach in aoibhneas na léitheoireachta trí mheán Chlár Léitheoireachta Réaltaí an tSamhraidh, a sheolfar Déardaoin 12 Meitheamh 2025.
Is clár náisiúnta saor in aisce é Réaltaí an tSamhraidh a spreagann páistí le bheith ag léamh ar mhaithe le spraoi le linn na laethanta saoire scoile. Cuma más leabhair phictiúr, úrscéalta grafacha nó closleabhair atá i gceist, is féidir le gach páiste páirt a ghlacadh sa léitheoireacht agus taitneamh a bhaint aisti ar a luas féin. Is féidir le páistí taifead a choimeád dá gcuid léitheoireachta agus páirt a ghlacadh sna céadta imeachtaí agus gníomhaíochtaí leabharlainne spraíúla atá á n-óstáil ag a leabharlann áitiúil nó ag leabharlanna áitiúla eile ar fud na tíre.
Is féidir le páistí clárú agus iad ag tabhairt cuairt ar leabharlann ar bith ar fud na tíre. Is féidir leo a gcuid spriocanna léitheoireachta féin a chur rompu, agus gheobhaidh siad teastas rannpháirtíochta ag deireadh an tsamhraidh.
Tá bailiúchán speisialta Réaltaí an tSamhraidh ar fáil ar BorrowBox, an aip leabharlainne saor in aisce a chuireann ríomhleabhair agus closleabhair ar fáil do gach ball leabharlainne.
Mar chuid den tionscadal, beidh leabharlanna ar fud na tíre ag óstáil réimse leathan imeachtaí agus gníomhaíochtaí, lena n-áirítear amanna scéalaíochta, ceardlanna, cluichí, agus go leor eile nach iad. Moltar do theaghlaigh a leabharlann áitiúil a leanúint ar na meáin shóisialta ar mhaithe le bheith ar an eolas faoi gach a mbeidh ag tarlú ina leabharlann áitiúil.
Dúirt Stuart Hamilton, Ceann Forbartha Leabharlann don Ghníomhaireacht Bainistíochta Rialtais Áitiúil (LGMA): “Tugann tréimhse an tsamhraidh deis iontach do leanaí lúcháir na léitheoireachta agus na seirbhísí iontacha atá dírithe ar leanaí atá ar fáil inár leabharlanna a bhlaiseadh. Áirítear leis sin scéalta, léamha údair, cluichí, ceolchoirmeacha, na healaíona agus ceardaíocht agus neart eile. Cuireann an clár Réaltaí an tSamhraidh ar chumas leanaí – agus a dtuismitheoirí – léargas a fháil ar shaol na cruthaitheachta, na samhlaíochta, na fionnachtana, na eachtraíochta agus na foghlama spraíúla. Cuireann sé béim ar an spraoi sa saol le linn mhíonna an tsamhraidh agus cothaíonn sé foghlaim chruthaitheach le linn na laethanta saoire. Trí bheith ag tacú le leanaí lúcháir na léitheoireachta a bhlaiseadh, tá leabharlanna ag tacú leo scileanna don saol a fhorbairt - scileanna litearthachta, samhlaíochta agus cruthaitheachta, agus tá grá fadsaoil sa léitheoireacht a fhorbairt.” (Aistrithe go Gaeilge)
Tá ballraíocht i ngach leabharlann phoiblí saor in aisce do gach uile dhuine, idir óg agus aosta. Is féidir le daoine páirt a ghlacadh ar líne nó i bpearsa. Tabhair cuairt ar librairiesireland.ie chun tuilleadh eolais a fháil.