Fógraíonn Comhairle Contae Chill Dara trí cinn de Choimisiúin Ealaíne Poiblí ar fud Chontae Chill Dara
21 Bealtaine 2026: Tá áthas ar Sheirbhís Ealaíon Chomhairle Contae Chill Dara a fhógairt go bhfuil dul chun cinn déanta maidir le trí choimisiún ealaíne poiblí ar fud Chontae Chill Dara.
Faoi láthair, tá dul chun cinn á dhéanamh i lár bhaile an Náis maidir leis an gcéad cheann de na tionscadail sin. Tríd an tionscadal seo, déantar ceiliúradh ar éacht bhaile an Náis a ainmníodh, trí bliana as a chéile, mar bhuaiteoir iomlán an ghradaim ‘An Baile is Dea-Choimeádta in Éirinn’ de chuid ‘Gnó i gCoinne Bruscair’. Tá an tionscadal seo, a bhfuil ciste dar luach €33,000 ann dó, ag Céim Forbartha a Dó, agus gearrliosta ann d’ealaíontóirí atá ag forbairt tograí féideartha do shaothar ealaíne buan a bhainfeadh go sonrach leis an suíomh i lár an bhaile.
Is féidir iarratas a dhéanamh faoi láthair ar dhá choimisiún eile i lár bhaile Dhroichead Nua agus ar Sheachbhóthar an M7 An Nás – Na Solláin.
Fáiltítear roimh iarratais ó ealaíontóirí gairmiúla ar Dhámhachtain Ealaíne Poiblí Lár Bhaile Dhroichead Nua chun saothar ealaíne comhoibríoch atá dírithe ar an bpobal a fhorbairt, agus béim ar leith á leagan ar Shráid Sheoirse agus ar Shráid Eyre. Tá sé mar aidhm ag an dámhachtain €6,500 seo rannpháirtíocht an phobail a chur chun cinn, féiniúlacht áitiúil a cheiliúradh agus feabhas a chur ar ghné amhairc an bhaile. Is é Déardaoin, 18 Meitheamh 2026 ag 12.00 pm an dáta deireanach a nglacfar le hiarratais.
Is deis ealaíne poiblí ar mhórscála é an coimisiún ‘Céatadán don Ealaín M7’ atá nasctha le huasghrádú Sheachbhóthar M7 an Náis - Na Solláin, agus buiséad €80,000 tiomanta dó seo. Tríd an gcomórtas déchéimeach oscailte seo, lorgaítear iarratais do thograí féideartha d’fhonn sainchomhartha ealaíne buan a chur ag timpeallán nua Acomhal 9a Bhaile Osbeird , a bheadh ag freagairt do bhonneagar iompair, tírdhreach agus oidhreacht an cheantair. Dúnfar iarratais Chéim 1 ar an Déardaoin, 18 Meitheamh 2026 ar 12.00pm.
Ag labhairt di faoi na fógraí seo, dúirt Éilis Lavelle, Oifigeach Ealaíon, Comhairle Contae Chill Dara:
“Léiríonn na tionscadail ealaíne poiblí seo infheistíocht leanúnach Chomhairle Contae Chill Dara sa chultúr mar chuid lárnach den fhorbairt inbhuanaithe. Trí thacú le healaíontóirí agus tríd an gcruthaitheacht a chomhtháthú inár gcuid spásanna poiblí, táimid ag cur go fadtéarmach le saintréithe ár mbailte, ár mbonneagair agus ár bpobail.’
Tá ról ríthábhachtach ag an ealaín phoiblí maidir leis an gcaoi a dtéann spásanna comhroinnte i bhfeidhm ar dhaoine. Leis na coimisiúin seo, léirítear tiomantas Chomhairle Contae Chill Dara saothair ealaíne a chruthú a mbaineann brí leo, atá ar ardchaighdeán, agus a fhreagraíonn d’áit, do phobal agus do chomhthéacs faoi leith ar fud an chontae.
Tá sonraí iomlána maidir leis na coimisiúin bheo agus na dtreoirlínte iarratais ar fáil ar ardán iarratais ar líne Sheirbhís Ealaíon Chomhairle Contae Chill Dara ag: https://kildarecocoarts.submit.com/











