BEARTA MOILLITHE TRÁCHTA BEARTAITHE
ALT 38 DEN ACHT UM THRÁCHT AR BHÓITHRE 1994
De réir fhorálacha Alt 38 den Acht um Thrácht ar Bhóithre 1994, tugann Comhairle Contae Chill Dara fógra leis seo go bhfuil sé ar intinn aici:
Scoil Bhríde, Teach Srafáin - Scéim Bealaí Sábháilte chun na Scoile ina ndéanfar:
- Bearta Scéim Bealaí Sábháilte chun na Scoile a chur chun feidhme, lena n-áirítear mullaird bhata agus marcanna bóthair, chun sábháilteacht a fheabhsú d’úsáideoirí soghonta bóithre ag an scoil.
- An cosán lasmuigh de Scoil Bhríde agus an cosán go dtí an trasrian soilsithe coisithe a atógáil agus a leathnú chun sábháilteacht a mhéadú d’úsáideoirí soghonta bóithre agus chun tacú le taisteal gníomhach níos sábháilte.
- An trasrian soilsithe coisithe atá ann cheana a uasghrádú go dtí trasrian soilsithe coisithe ardaithe ar an taobh ó dheas de Scoil Bhríde.
- Na spásanna páirceála ingearacha atá ann cheana os comhair na scoile a ainmniú mar spásanna páirceála don fhoireann amháin.
- Na colbhaí bóthair atá ann cheana agus leithid na gcarrbhealaí feadh na Gléibe a choinneáil.
- An láthair tuirlingthe ainmnithe den bhus a uasghrádú agus dhá (2) spás páirceála inrochtaineachta a shuiteáil.
- Dhá (2) thrasrian neamhrialaithe coisithe ardaithe a shuiteáil ar na bóithre atá tadhlach leis an nGléib, Ardán Bhríde agus na Feánna.
- Trasrian coisithe comhréidh neamhrialaithe amháin (1) a shuiteáil ag an acomhal idir an Ghléib agus Coarse Moor.
- Trasrian soilsithe coisithe nua a shuiteáil ar Bhóthar Bhaile an Bharbaigh.
- Cosán agus trasrian neamhrialaithe coisithe ardaithe lasmuigh den Chlub CLG a shuiteáil chun sábháilteacht a mhéadú d’úsáideoirí soghonta bóithre.
Beidh líníochtaí a thaispeánfaidh na hoibreacha atá beartaithe ar fáil lena n-iniúchadh ag na láithreacha seo a leanas ón Céadaoin, 30 Aibreán 2025 go dtí an Deardaoin, 29 Bealtaine 2025.
- Suíomh Gréasáin Comhairliúcháin Chomhairle Contae Chill Dara ag http://consult.kildarecoco.ie/en/consultation/section-38-road-traffic-act-1994-–-proposed-scoil-bhríde-safe-routes-school-scheme-straffan
- Oifigí Chomhairle Contae Chill Dara, Leibhéal 4, Áras Chill Dara, An Nás, Co. Chill Dara Dé Luain – Dé hAoine idir na huaireanta 9:00 a.m. agus 5:00 p.m.
Is féidir aighneachtaí nó tuairimí a bhaineann leis na hoibreacha beartaithe thuasluaite a dhéanamh ar líne ag http://consult.kildarecoco.ie/en/consultation/section-38-road-traffic-act-1994-–-proposed-scoil-bhríde-safe-routes-school-scheme-straffan
Nó I scríbhinn chuig an: Oifigeach Feidhmiúcháin Sinsearach,An Roinn Iompair, Soghluaisteachta agus Spásanna Oscailte, Comhairle Contae Chill Dara, Áras Chill Dara, Páirc Uí Dhubhuí, An Nás, Co. Chill Dara W91 X77F faoi 5:00 p.m. ar an Déardaoin, 29 Bealtaine 2025.
Déan d’aighneacht trí mheán amháin, le do thoil, i.e. i gcóip chrua nó ar líne.