Tá saothar ealaíne ó Bhailiúchán Ealaíne Bardasach Chomhairle Contae Chill Dara mar chuid de mhórthaispeántas i nGailearaí Náisiúnta na hÉireann
2 Bealtaine 2025: Tá áthas ar Chomhairle Contae Chill Dara a fhógairt gur roghnaíodh ceann de na saothair ealaíne óna mBailiúchán Ealaíne Bardasach le bheith mar chuid de thaispeántas mór i nGailearaí Náisiúnta na hÉireann i rith an tsamhraidh. Le déanaí, taispeánadh an ghloine dhaite ‘Three Fishes’ de chuid Evie Hone i bhforhalla Ionad Ealaíon Bhruach na hAbhann i nDroichead Nua. Níl an ghloine dhaite ann faoi láthair toisc go bhfuil sí mar chuid den taispeántas tábhachtach seo i nGailearaí Náisiúnta na hÉireann.
Tá an taispeántas dar teideal “Mainie Jellett and Evie Hone. The Art of Friendship’ tiomnaithe don bheirt nua-aoisithe ceannródaíocha úd, agus tá suas le 90 saothar ealaíne dá gcuid bailithe le chéile don taispeántas. Trí mheán an taispeántais, scrúdaídtear an cairdeas a bhí eatarthu agus na comheispéarais a bhí acu agus iad i mbun staidéir i bPáras sna luath 1920idí, agus rianaítear na gairmeacha beatha a chaith siad tar éis dóibh filleadh ar Éirinn. Leagtar béim sa taispeántas ar na cosúlachtaí atá idir a gcuid stíleanna sna luathbhlianta agus ar na héagsúlachtaí a tháinig chun cinn eatarthu thar na blianta, de réir mar a d’fhorbair siad guthanna ealaíonta faoi leith dá gcuid féin. Tá pictiúir, gloine dhaite agus líníochtaí ullmhúcháin le feiceáil sa taispeántas agus léirítear an chaoi a raibh an bheirt bhan ina gceannródaithe in ealaín na hÉireann cé go raibh nasc acu le téamaí coibhinsiúnacha mar an reiligiún agus an tírdhreach.
Bunaíodh Bailiúchán Ealaíne Bardasach Chomhairle Contae Chill Dara i Rannóg na nAiltirí sna 1970idí. Go dtí seo, is saothair dhéthoiseacha atá beag go leor nó atá ar meánmhéid atá sa Bhailiúchán Ealaíne Bardasach; pictiúir agus priontaí den chuid is mó. Is amhlaidh atá dealbhóireacht, grianghrafadóireacht agus ilmheáin de chuid ealaíontóirí áitiúla agus náisiúnta sa Bhailiúchán freisin. Is féidir leis an bpobal féachaint ar Bhailiúchán Ealaíne Bardasach Chomhairle Contae Chill Dara i bhfoirgnimh phoiblí éagsúla fud fad an chontae.
Beidh an taispeántas ‘Mainie Jellett agus Evie Hone. The Art of Friendship’ ar siúl i nGailearaí Náisiúnta na hÉireann go dtí 10 Lúnasa 2025. Tá tuilleadh eolais maidir le hamanna agus rochtain ar fáil ar an suíomh gréasáin nationalgallery.ie