An tAcht um Pleanáil agus Forbairt 2000 (arna leasú) - Cuid XI
Na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt, 2001 (arna leasú) - Cuid 8
Forbairt Beartaithe: Gairdín Céadfach i bPáirc Naomh Caitríona, Léim an Bhradáin, Co. Chill Dara. (Tagairt P82025.05)
Tugtar fógra leis seo, de bhun fhorálacha Chuid XI den Acht um Pleanáil agus Forbairt, 2000 (arna leasú) agus de réir cheanglais Chuid 8 de na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt, 2001 (arna leasú), go bhfuil sé beartaithe ag Comhairle Contae Chill Dara Gairdín Céadfach a thógáil i bPáirc Naomh Caitríona, Léim an Bhradáin, Co. Chill Dara.
Rinneadh Scagadh Measúnaithe Cuí ar an togra faoin Treoir um Ghnáthóga (92/43/CEE), agus faoi fhorálacha ábhartha an Achta um Pleanáil agus Forbairt 2000, arna leasú, agus na Rialachán um Pleanáil agus Forbairt 2001, arna leasú, agus Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Gnáthóga Éan agus Nádúrtha), 2011-2015. Tá cinneadh déanta ag Comhairle Contae Chill Dara nach dócha go mbeadh tionchar suntasach ag an bhforbairt atá beartaithe, ina haonar nó i gcomhar le pleananna nó tionscadail eile, ar shuíomh Eorpach agus nach bhfuil gá le Measúnú Cuí Céim 2 (AA).
Rinneadh scagadh ar an togra freisin maidir le Measúnú Tionchair Timpeallachta faoi Threoir MTT 2011/92/AE arna leasú le Treoir 2014/52/AE agus forálacha ábhartha an Achta um Pleanáil agus Forbairt 2000, arna leasú, agus na Rialachán um Pleanáil agus Forbairt 2001, arna leasú. Ag féachaint d’fhorálacha na reachtaíochta, do chineál agus do scála na forbartha beartaithe, don fhaisnéis a sholáthraítear de réir Sceideal 7A de na Rialacháin, agus ag féachaint do scála, do chineál agus suíomh na dtionchar beartaithe, do na tionchair ionchasacha agus do na bearta maolaithe atá beartaithe agus do thorthaí aon mheasúnuithe ábhartha eile ar na héifeachtaí ar an gcomhshaol, chinn Comhairle Contae Chill Dara nach bhfuil aon chosúlacht ann go mbeidh tionchar suntasach ag an bhforbairt bheartaithe ar an gcomhshaol agus nach bhfuil Measúnú Tionchair Timpeallachta (EIA) ag teastáil. De réir Alt 120(3) de na Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt (arna leasú), féadfaidh aon duine, laistigh de 4 seachtaine ó dháta foilsithe an fhógra sin, iarratas a dhéanamh chuig an mBord Pleanála ar chinneadh scagtha i dtaobh an dóigh go mbeadh tionchar suntasach ag an bhforbairt ar an gcomhshaol.
Beidh pleananna agus sonraí na forbartha beartaithe Cuid 8 Uimh. Tagairt P82025.05 ar fáil lena n-iniúchadh agus/nó lena gceannach ar tháille nach mó ná costas réasúnta cóip a dhéanamh ag an Limistéar Taispeána Poiblí, Leibhéal 1, Comhairle Contae Chill Dara, Páirc Devoy, An Nás, Co. Chill Dara, W91 X77F gach lá a mbeidh na hoifigí sin oscailte le haghaidh gnó (gan Laethanta Saoire Bainc san áireamh) don tréimhse dar tosach Dé hAoine, 20 Meitheamh 2025 go dtí Dé hAoine, 18 Iúil 2025 le linn uaireanta oifige. Beidh pleananna agus sonraí na forbartha beartaithe, lena n-áirítear na Tuarascálacha Scagthástála AA agus EIA agus taifead de na príomhchúiseanna agus cúinsí a thacaíonn leis an gcinneadh gan EIA agus AA a éileamh, ar fáil ar líne freisin ag
https://consult.kildarecoco.ie/en/consultation/p8202504-sensory-garden-st-catherine’s-park-leixlip
Féadfar aighneachtaí nó tuairimí maidir leis an bhforbairt atá beartaithe, a bhaineann le pleanáil chuí agus forbairt inbhuanaithe an cheantair ina mbeadh an fhorbairt suite, a dhéanamh i scríbhinn chuig, Oifigeach Sinsearach Páirceanna agus Tírdhreachú Páirceanna & Spásanna Oscailte, Leibhéal 7, Comhairle Contae Chill Dara, Áras Chill Dara, Páirc Devoy, An Nás, Co. Chill Dara, W91 X77F nó ar líne trí https://consult.kildarecoco.ie/en/consultation/p8202504-sensory-garden-st-catherine’s-park-leixlip Ní mór aighneachtaí a dhéanamh tráth nach déanaí ná 5:00pm ar Dé hAoine, 01 Lúnasa 2025. Ní ghlacfar le haighneachtaí déanacha.
Ba chóir go mbeadh teideal “Forbairt Beartaithe” ar na haighneachtaí: Gairdín Céadfach i bPáirc Naomh Caitríona, Léim an Bhradáin, Co. Chill Dara.”
Beidh na tuairimí uile, lena n-áirítear ainmneacha na ndaoine a rinne tuairimí, a chuirfear faoi bhráid na Comhairle maidir leis an scéim mar atá leagtha amach thuas, mar chuid den tuarascáil reachtúil atá le cur i láthair ag cruinniú de na comhaltaí tofa. Dá réir sin, beidh siad san áireamh freisin i miontuairiscí an chruinnithe sin agus d’fhéadfadh siad a bheith le feiceáil san fhearann poiblí.
Tabhair faoi deara, le do thoil, go roinnfidh Comhairle Contae Chill Dara na sonraí a bhailítear ón gcomhairliúchán seo lena gComhairleoirí. Déileálfar le haon fhaisnéis a chuireann tú isteach trí shuíomh gréasáin Chomhairle Contae Chill Dara leis na caighdeáin slándála agus rúndachta is airde, i gcomhréir dhlúth leis an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (GDPR) agus leis an Acht um Chosaint Sonraí 2018. Féach ar an Ráiteas Príobháideachais atá san áireamh leis na pleananna agus sonraí na forbartha atá beartaithe agus ar Bheartas Príobháideachais Thairseach Comhairliúcháin Chomhairle Contae Chill Dara.