Foilsíonn Comhairle Contae Chill Dara Tuarascáil Bhliantúil 2024
30 Meitheamh 2025: Inniu a d’fhoilsigh Comhairle Contae Chill Dara a Tuarascáil Bhliantúil do 2024, ina dtugtar forléargas ar chlár oibre na Comhairle a cuireadh i gcrích anuraidh. Leagtar béim sa tuarascáil seo ar thiomantas na Comhairle do chaighdeán beatha shaoránaigh Chill Dara a fheabhsú trí chomhoibriú, nuálaíocht, cuimsiú agus rannpháirtíocht an phobail.
Gníomhú ar son na hAeráide
In 2024, rinne Comhairle Contae Chill Dara dul chun cinn suntasach maidir le haghaidh a thabhairt ar an athrú aeráide agus astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú. I measc na bpríomhthionscnamh bhí an t-imeacht HackTheClimate 2024, painéil fhótavoltacha ghréine a shuiteáil i bhfoirgneamh an Mhuilinn Chadáis, clár ‘Go Car’ Chomhairle Contae Chill Dara, agus an t-imeacht Picnic sa Pháirc. Rinneadh dul chun cinn suntasach freisin i dtaca leis an gClár Comhphobail um Ghníomhú ar son na hAeráide, agus faomhadh ceithre thionscadal is fiche do dheontas an Chiste Chomhphobail um Ghníomhú ar son na hAeráide ón Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide. Tá 18 mí ag na deontaithe chun a dtionscadail a chur i gcrích, agus ón uair a tugadh na deontais chun críche i mí Mheán Fómhair 2024, tá ceithre thionscadal curtha i gcrích cheana féin. Críochnaíodh an chéad chúiteamh ón RCAC go luath in 2024, a chlúdaigh thart ar €200,000 den leithdháileadh iomlán de €897,000
Comhphobal
Rinne Rannóg Pobail Chomhairle Contae Chill Dara dul chun cinn suntasach in 2024. Rinne siad cothabháil agus maoirseacht ar níos mó ná 20 ionad pobail, agus ceannaíodh agus athchóiríodh ionaid nua i Ráth Iomgháin, Cairbre, Claonadh, agus Fiodh Alúine. Cloch mhíle shuntasach a bhí in oscailt oifigiúil an Ionaid Phobail nua i gCill Choca, ionad a chuir mol lárnach ar fáil do chónaitheoirí áitiúla agus do ghrúpaí pobail. Leithdháil an Ciste Aitheantais Pobail €830,007 le haghaidh feabhsuithe chun leas pobal, a thacaigh le daoine easáitithe ón Úcráin agus ó thíortha eile. Rinne féile Brigid 1500 ceiliúradh ar oidhreacht Bhríde trí mheán clár éagsúil imeachtaí, agus mealladh thart ar 80,000 duine chuig an bhféile agus meallladh clúdach idirnáisiúnta ar na meáin. Thacaigh Comhairle Contae Chill Dara le 1,042 deontas, ag soláthar maoiniú €2,412,938 d'eagraíochtaí pobail. Sháraigh an Clár um Chuimsiú Sóisialta agus Gníomhachtú Pobail (SICAP) na spriocanna agus oibríodh le 75 grúpa pobail agus 913 duine aonair. Cheadaigh clár LEADER trí thionscadal de luach €256,048, agus bhronn an Clár Feabhsaithe Áitiúil €163,842.45 ar 54 ghrúpa pobail. Ghlac níos mó ná 27,000 duine páirt i gComhpháirtíocht Spóirt Chill Dara trí mheán clár éagsúil, agus chláraigh Líonra Rannpháirtíochta Poiblí Chill Dara 783 ball, rud a chuir le rannpháirtíocht an phobail i gcomhar leis an Údarás Áitiúil.
Tithíocht & Athghiniúint
In 2024, chuir an Chomhairle aonaid tógála dírí ar fáil in Ard Sceach, Coill Dubh, agus Blackridge, Áth Garbháin agus bhí 101 aonad idir lámha ag deireadh na bliana. Glacadh príomhbheartais agus príomhstraitéisí, lena n-áirítear an Beartas maidir le hIompar Frithshóisialta, an Straitéis Bainistíochta Eastáit, Plean Gníomhaíochta um Easpa Dídine Réigiún an Mheánoirthir 2024-2026, agus an Clár Cóiríochta don Lucht Siúil 2025-2029. Sheol an Roinn Tithíochta suíomh gréasáin chun cabhrú le hiarratasóirí tithíochta, rud a d'fhág go raibh eolas níos fearr ar fáil d'iarratasóirí. Ina theannta sin, seachadadh 422 theach nua agus athláimhe, agus leithdháileadh tithe ar 670 iarratasóir tithíochta. Bhuaigh Comhairle Contae Chill Dara 10 nGradam Mórtas Ceantair d'eastáit údaráis áitiúil, stopadh 209 teaghlach ó bheith gan dídean, agus críochnaíodh 9,634 tasc cothabhála freagartha maidir le stoc atá faoi úinéireacht na comhairle.
Iompar, Soghluaisteacht & Spásanna Oscailte
Tháinig an Clós Innealra agus Scioból Salainn Réigiúnach i bhfeidhm, rud a d’éascaigh oibríochtaí saillte geimhridh. Cuireadh bailchríoch ar chóiriú dromchla agus athchóiriú bóithre ar 158 ciliméadar de bhóithre áitiúla agus réigiúnacha, agus, ina theannta sin, rinneadh feabhsuithe sábháilteachta ag 12 shuíomh. Baineadh amach an tarraingt anuas is airde riamh de €10.5M de chistiú um Thaisteal Gníomhach an Údaráis Náisiúnta Iompair, a chuirfear i bhfeidhm feadh 35 scéim. Anuas air sin, osclaíodh roinnt limistéar caitheamh aimsire nua, mar shampla Clós Súgartha Fhiodh Alúine, Gairdín Coillearnaí De Burgh agus Páirc Bhaile Chairdif, d’fhonn áiseanna luachmhara a sholáthar don phobal.
Comhshaol
Ba chloch mhíle shuntasach é críochnú agus oscailt Pháirc Bhaile Chairdif, ag chuir spás caitheamh aimsire nua ar fáil don phobal. Cuireadh tógáil na páirce i gcrích agus rinne an chomhairle bainistíocht agus monatóireacht leanúnach comhshaoil, i gcomhréir le ceadúnas an GCC (EPA) . Ba é an toradh a bhí ar thionscnaimh nuálacha amhail na Laethanta Tochtanna agus Feachtas Bailithe Péinte ná gur bailíodh méid níos mó dramhaíola ná mar a bailíodh riamh cheana - bailíodh 37.3 tonna de phéint dramhaíola agus 22.92 tonna de thochtanna.
Seirbhísí Corparáideacha, Daoine & Seirbhísí Cultúrtha
In 2024, rinne Comhairle Contae Chill Dara fónamh ar 40 comhalta tofa, sheirbhísigh sí 98 gcruinniú reachtúla, agus rinne sí 14 Chruinniú Iomlána den Chomhairle a chraoladh ar líne. Bhí mórimeachtaí toghcháin ar siúl; Reifreann i mí an Mhárta, Toghcháin Áitiúla agus Eorpacha i mí an Mheithimh agus Olltoghchán i mí na Samhna. Próiseáladh níos mó ná 26,000 toghthóir, agus deonaíodh 28 ceadúnas trádála ócáidigh. Choinnigh foireann na Seirbhíse do Chustaiméirí ardfheidhmíocht agus freagraíodh 88% de na cásanna laistigh de spriocanna an Chomhaontaithe um Leibhéal Seirbhíse.
Tá Comhairle Contae Chill Dara tiomanta do sheirbhísí poiblí ar ardchaighdeán a sholáthar i dteangacha oifigiúla uile an stáit agus aithníonn sí go measúil a hoibleagáidí agus a gealltanais reachtúla faoi Achtanna na dTeangacha Oifigiúla (OLAnna) 2003 agus 2021. Chomh maith leis sin, chuir an Chomhairle go mór lena seirbhísí leabharlainne agus leis na healaíona, lena n-áirítear oscailt Leabharlann agus Ionad Cultúrtha an Náis.
Nuálaíocht
In 2024, léirigh Comhairle Contae Chill Dara dul chun cinn suntasach agus tiomantas maidir le seirbhísí poiblí a fheabhsú. Lean an clár barainne ‘Lean Six Sigma’, clár a dhíríonn ar phróisis a shruthlíniú agus a fheabhsú, de bheith ag fás ar fud na rannóg uile. Chuir an fhoireann Oiliúint Dearaidh i gcrích freisin, chuir siad Ráib Dearaidh ar fáil, agus sheol siad Clár Smaointeoireachta Dearaidh don fhoireann, rud a léirigh a dtiomantas do sheirbhísí poiblí níos fearr a sholáthar.
Comhtháthú
Tá éachtaí suntasacha déanta ag Foireann Imeasctha Údaráis Áitiúil Chill Dara a bunaíodh i mí Eanáir 2024. Reáchtáil an fhoireann 41 chuairt for-rochtana agus shocraigh siad 175 chlinic faisnéise, trínar thacaigh siad le 1,035 duine agus trínar réitigh siad 1,617 ceist. D’eagraigh siad gníomhaíochtaí amhail oiliúint frithchiníochais, ceardlanna maidir le cur i gcoinne cur isteach um eite dheis, agus clár síceasóisialta do mharthanóirí GBV. Reáchtáil an Fhoireann Cóiríochta 75 Chlinic Lae chun cabhrú le cónaitheoirí cóiríocht a fháil agus rinne siad measúnú ar thograí d'Iarratasóirí Cosanta Idirnáisiúnta agus do Thairbhithe Cosanta Sealadaí araon. Trí Chlár na hÉireann um Dhídeanaithe a Chosaint, rinneadh 14 dhídeanaí a athlonnú agus cuireadh tacaí imeasctha ar fáil dóibh.
Dúirt Sonya Kavanagh, Príomhfheidhmeannach, Comhairle Contae Chill Dara; ‘Agus machnamh á dhéanamh againn ar a bhfuil bainte amach in 2024, braithim iontach bródúil as an dul chun cinn atá déanta againn maidir le feabhas a chur ar chaighdeán saoil shaoránaigh Chill Dara. Ár dtiomantas don chomhoibriú, don nuálaíocht agus do rannpháirtíocht an phobail a spreagann ár rath. Agus muid ag féachaint romhainn, táimid tiomanta dár n-iarrachtaí maidir le forbairt inbhuanaithe, tithíocht agus seirbhísí pobail a chur chun cinn le cinntiú go mbeidh Cill Dara ina áit bhríomhar agus ionchuimsitheach do chách. Táimid ag tnúth leis an móiminteam a choinneáil sna blianta amach romhainn, lenár spriocanna don todhchaí a bhaint amach agus le tionchar dearfach fadmharthanach a imirt ar ár bpobal. Ba mhaith liom an deis seo a thapú chun aitheantas a thabhairt dár bhfoireann agus dár gcomhairleoirí díograiseacha as a dtiomantas buanseasmhach agus as an obair mhór a rinne siad i rith na bliana." (Aistrithe go Gaeilge)
Ag labhairt dó le linn laethanta deiridh a théarma mar Chathaoirleach Chontae Chill Dara, dúirt an Comhairleoir Kevin Duffy; "Tá tiomantas agus ceannaireacht eisceachtúil léirithe ar bhonn seasta ag comhaltaí tofa Chomhairle Contae Chill Dara maidir le bonneagar agus seirbhísí ríthábhachtacha a sholáthar dár bpobail. Léirítear an tiomantas úd go soiléir i dtuarascáil bhliantúil 2024. Gabhaim buíochas ó chroí leo agus le feidhmeannas Chomhairle Contae Chill Dara as a dtiomantas dár gcontae agus dá chónaitheoirí. (Aistrithe go Gaeilge)
Tá Tuarascáil Bhliantúil 2024 Chomhairle Contae Chill Dara ar fáil anseo - https://kildarecoco.ie/YourCouncil/Publications/