BEARTA MOILLITHE TRÁCHTA BEARTAITHE
ALT 38 DEN ACHT UM THRÁCHT AR BHÓITHRE 1994
De réir fhorálacha Alt 38 den Acht um Thrácht ar Bhóithre 1994, tugann Comhairle Contae Chill Dara fógra leis seo go bhfuil sé ar intinn aici:
Scoil Mochua, Cill Droichid - Scéim Bealaí Sábháilte chun na Scoile ina mbeidh:
- Bearta Scéim Bealaí Sábháilte chun na Scoile a chur chun feidhme, lena n-áirítear mullaird bhata agus marcanna bóthair, chun sábháilteacht a fheabhsú d’úsáideoirí soghonta bóithre ag an scoil.
- Cúig (5) thrasrian neamhrialaithe coisithe ardaithe a shuiteáil le teanntú acomhail ar bhóithre atá tadhlach le Bóthar Achadh Ard atá i ndlúthghaireacht do Scoil Mochua.
- Dhá (2) thrasrian coisithe comhréidh neamhrialaithe a shuiteáil i nGarrán na Fuinseoige chun sábháilteacht a fheabhsú d’úsáideoirí soghonta bóithre ag úsáid bealach isteach ar chúl/ar thaobh Scoil Mochua.
- Trasrian coisithe comhréidh neamhrialaithe amháin (1) atá ann cheana a uasghrádú ag príomhbhealach isteach go Scoil Mochua.
- Cosán tréscaoilteacht tarramhacadam 2m ar leithead a thógáil a dhéanfaidh nasc idir na cosáin atá ann cheana ag cúl na scoile, gar do Gharrán na Fuinseoige agus Páirc Chaisleáin Uidhilín.
- Rampaí luais maolaithe atá ann cheana agus an trasrian soilsithe ardaithe túcánach atá ann cheana a choinneáil.
- Na colbhaí bóthair atá ann cheana agus leithid na gcarrbhealaí a choinneáil feadh Bhóthar Achadh Ard.
- An leataobh páirceála taobh an bhóthair a bhaint agus an cosán trasna ó Scoil Mochua ar Bhóthar Achadh Ard a leathnú chun taisteal gníomhach níos sábháilte a chur chun cinn.
Beidh líníochtaí a thaispeánfaidh na hoibreacha atá beartaithe ar fáil lena n-iniúchadh ag na láithreacha seo a leanas ón Céadaoin, 30 Aibreán 2025 go dtí an Déardaoin, 29 Bealtaine 2025.
- Suíomh Gréasáin Comhairliúcháin Chomhairle Contae Chill Dara ag
- Oifigí Chomhairle Contae Chill Dara, Leibhéal 4, Áras Chill Dara, An Nás, Co. Chill Dara Dé Luain – Dé hAoine idir na huaireanta 9.00 a.m. agus 5:00 p.m.
Is féidir aighneachtaí nó tuairimí a bhaineann leis na hoibreacha beartaithe thuasluaite a dhéanamh ar líne ag https://consult.kildarecoco.ie/en/consultation/section-38-road-traffic-act-1994-–-proposed-scoil-mochua-safe-routes-school-scheme-celbridge
Nó I scríbhinn chuig an: Oifigeach Feidhmiúcháin Sinsearach, An Roinn Iompair, Soghluaisteachta agus Spásanna Oscailte, Comhairle Contae Chill Dara, Áras Chill Dara, Páirc Uí Dhubhuí, An Nás, Co. Chill Dara W91 X77F faoi 5:00pm ar an Déardaoin, 29 Bealtaine 2025
Déan d’aighneacht trí mheán amháin, le do thoil, i.e. i gcóip chrua nó ar líne.