BEARTA MOILLITHE TRÁCHTA ATÁ BEARTAITHE
ALT 38 DEN ACHT UM THRÁCHT AR BHÓITHRE, 1994
I gcomhréir le forálacha alt 38 den Acht um Thrácht ar Bhóithre, 1994, tugann Comhairle Contae Chill Dara fógra leis seo go bhfuil sé beartaithe aici:
Oibreacha feabhsúcháin beartaithe do stadanna bus ag na suíomhanna seo a leanas:
- Uimhir an Stad Bus 11972, Stáisiún Traenach Chill Dara, Cill Dara, Co. Chill Dara (Ó Thuaidh).
- Uimhir an Stad Bus 11970, Mainistir Ráth Bhríde, Cill Dara, Co. Chill Dara (Ó Thuaidh).
- Uimhir an Stad Bus 11950, Mainistir Ráth Bhríde, Cill Dara, Co. Chill Dara (Ó Dheas).
- Uimhir an Stad Bus 105741, Ráth Iomgháin, Co. Chill Dara (Soir).
- Uimhir an Stad Bus 12228, Ráth Iomgháin, Co. Chill Dara (Siar).
- Bóthar na Cluana, Cill Dara, Chill Dara (Siar).
Beidh líníochtaí ina dtaispeántar na hoibreacha atá beartaithe ar fáil lena n-iniúchadh ag na suíomhanna seo a leanas ó Dé Máirt, 27 Deireadh Fómhair 2026 go dtí Dé hAoine, 27 Samhain 2026
- Suíomh gréasáin Comhairliúcháin Chomhairle Contae Chill Dara ag:
- Oifigí Chomhairle Contae Chill Dara, Leibhéal 4, Áras Chill Dara, An Nás, Contae Chill Dara Dé Luain – Dé hAoine idir 9:00 a.m. agus 5:00 p.m.
Is féidir aighneachtaí nó breathnuithe maidir leis na hoibreacha beartaithe thuasluaite a dhéanamh ar líne ag https://consult.kildarecoco.ie/en/consultation/proposed-bus-stop-enhancement-works-following-locations-%E2%80%A2-bus-stop-id-11972-kildare-train-station
Nó i scríbhinn chuig: An tOifigeach Feidhmiúcháin Sinsearach, An Rannóg Iompair, Soghluaisteachta agus Spásanna Oscailte, Comhairle Contae Chill Dara, Áras Chill Dara, Páirc Uí Dhubhuí, An Nás, Co. Chill Dara W91 X77F ag 5:00 p.m. nó roimh Dé hAoine, 27 Samhain 2026.
Déan d’aighneacht trí mhodh amháin i.e. cruachóip nó ar líne










