Fógra Maidir le Scéim a Ghlacadh chun Rátaí a Íosú Maidir le Réadmhaoine Folmha
Déanann alt 9 den Acht um Rátaí Rialtais Áitiúil agus Nithe Eile 2019 foráil shonrach go bhféadfadh comhaltaí tofa údaráis áitiúil scéim a dhéanamh lena bhforáiltear do laghdú rátaí i leith réadmhaoine folmha, agus go gceadófar scéim den sórt sin ag an gcruinniú buiséid údarás áitiuíl, maidir leis an mbliain airgeadais áitiúil a mbeidh feidhm ag an scéim maidir léi.
Breithneoidh Comhairle Contae Chill Dara ar scéim a fhorálann do laghdú rátaí i leith réadmhaoine folmha, a bheidh i bhfeidhm sa bhliain airgeadais 2026.
Fáiltíonn Comhairle Contae Chill Dara roimh aighneachtaí scríofa ón bpobal ar an ábhar seo a chlúdóidh go sonrach na héifeachtaí féideartha a bheadh ag scéim a fhorálann do laghdú rátaí i leith réadmhaoine folmha ar ghnóthaí, ar dhaoine aonair agus ar sheirbhísí údaráis áitiúil.
Ní mór aighneachtaí a bheith faighte faoi mheán lae Déardaoin, 31 Iúil 2025 agus iad a dhéanamh 1) trí shuirbhé ar líne a chomhlánú ag https://consult.kildarecoco.ie nó 2) tríd an bpost chuig an Oifigeach Riaracháin, Rannóg na Rátaí Tráchtála, An Roinn Airgeadais, Comhairle Contae Chill Dara, Áras Chill Dara, An Nás, Contae Chill Dara, W91X77F nó 3) trí ríomh phost rates@kildarecoco.ie
Sonya Kavanagh Príomhfheidhmeannach
Dáta: Dé Máirt, 15 Iúil 2025